Torthaí cuardaigh - O'Brien, Nora Connolly, 1893-1981
Nora Connolly O'Brien
Polaiteoir, gníomhaí agus scríbhneoir Éireannach ab ea '''Nora Connolly O'Brien (14 Samhain 1892 – 17 Meitheamh 1981). Bhí sí ina ball de Sheanad Éireann ó 1957 go 1969.= Bunús = Rugadh Nora Connolly O'Brien''' (1892–1981), gníomhaí poblachtach agus sóisialach, ar 14 Samhain 1892 ag 6 Lothian Street, Dún Éideann, Albain, sa dara háit i measc seisear iníonacha agus mac amháin le Séamus Ó Conghaile, as Dún Éideann, an ceannaire poblachtach sóisialach (ag an am, oibrí, iriseoir agus rúnaí ar Chónaidhm Shóisialach na hAlban), agus Lillie Ó Conghaile (née Reynolds), as Carn an Bhua, Co. Chill Mhantáin ó dhúchas. Thug gairm bheatha a hathar an teaghlach go Baile Átha Cliath, Troy, Nua Eabhrac, agus Newark, New Jersey . Agus í ag freastal ar bhunscoileanna i ngach ceann de na láithreacha seo, ba ‘leanbh geal samhlaíoch í a chuir iontas ar a múinteoirí lena dul chun cinn’. Is fianaise é an aird a thug Séamus Ó Conghaile ar fhorbairt intleachtúil agus pholaitiúil Nora ar a chuid prionsabal feimineach. Ó aois an-óg d’fhreastail sí ar chruinnithe polaitiúla a hathar, agus í ag gabháil leis ar thuras léachtaí Albanach ceithre mhí in aois a hocht. Arna chur ar fáil ag Vicipéid